Regia Anglorum

Tá Regia Anglorum (téarma ársa a chiallaíonn Ríochtaí na Sasanach) ar cheann de na cumainn
mheánaoiseacha is mó sa domhan den stair bheo agus athléirithe. Díríonn siad ar an saol míleata
agus sibhialta sa Bhreatain Mhór idir AD 900 & 1100. Cumann
idirnáisiúnta atá 38 bliain d’aois is ea Regia Anglorum agus cé go bhuil sé
lonnaithe sa Bhreatain, tá baill acu i bhfad is i gcéin, Meiriceá Thuaidh, An Aifric Theas,
Críoch Lochlann & Oirthear na hEorpa san áireamh.
Cuid de na taispeántais phoiblí is ea catha a bhfuil dearmad déanta orthu le fada a athléiriú, ach
níl ansin ach cuid de gníomhaíochtaí an cumainn. Scrúdaíonn roinnt mhaith de na baill ceirdeanna
traidisiúnta ar nós obair adhmaid, bróidnéireacht, obair leathair agus gníomhaíochtaí neamh-mhíleata
eile a bhí mar chuid den saol le linn an Ré Dhorcha, agus a bhíonn ar taispeántas ag ócáidí éagsúla
i rith na bliana.
Má tá suim agat sa téimhse seo: ré de cheirdeanna agus de mhodhanna ársa atá caillte, ré ina raibh
achrann fíochmhar idir na Sacsanaigh agus na Danair; ré gabhála na Normanach agus d’ionsaithe na
Lochlannach, tá fáilte romhat chuig ár gcéad athléiriú eile de chath, ár gcéad léiriú eile de stair
bheo, nó b’fhéidir go mbeadh suim agat féin a bheith páirteach.
Féach thíos d’ócáidí atá ag teacht chun cinn.
27 Mí Meán Fomhair 2025 (Dé Sathairn) – 28 Mí Meán Fomhair 2025 (Dé Domhnaigh)
Áit: Sherwood Pines, Nottinghamshire, An Bhreatain
Postchód: NG21 9JL
11 Mí Deireadh Fomhair 2025 (Dé Sathairn) – 12 Mí Deireadh Fomhair 2025 (Dé Domhnaigh)
Áit: Battle Abbey, Sussex, An Bhreatain
Postchód: TN33 0AE
26 Mí Deireadh Fomhair 2025 (Dé Domhnaigh)
Áit: Wantage, Royal County of Berkshire, An Bhreatain
Postchód: OX12 8AB
11 Mí Aibreán 2026 (Dé Sathairn)
Áit: Wallingford, Royal County of Berkshire, An Bhreatain
Postchód: OX10 0DB